Is uaigneach mo shaol go gruama faraoir Mo thruaill bhocht gan siamsa tá mé S is brónach a bhím gan suaimhneas na hoich Go buartha lag cloíte cráite
Sí n stuabhean gheal chaoin a rinne gual de mo chroí S níl suairceas a choiche i ndán domh Ó luadh liom mar mhnaoi go luath dtús mo shaoil Mo chailín na gruaige báine
S i bláth bán na gcraobh í, thug barr ar gach scéimh Le háilleacht le méid s le breáchta Sí dfhág mé faoi léan, sí chráigh mé gan bhréig Gus tá fhios ag Mac Dé mo chás-sa
Dá bhfaighinnse mo rogha, ó bansa liom é Bheith ar láimh leis a spéirbhean álainn S ní náire ar bith liom é nó s í grá geal mo chléibh Mo chailín na gruaige báine
Dá dtigeadh sí arís ar cuairt chun mo thí Nach mise bheadh aoibhiúil sásta S níl áit ar bith dár mhian léi nach mbainfinnse fúm Ach cead fháil mo shaol a chaitheamh léi
Nach trua mise smaointiú go domhain in mo chroí Nach bhfeicim arís go brách í Tá mé buartha bocht faoi chian is ní mhairfead beo bliain Gan cailín na gruaige báineTeksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.