'gCluin sibh mise bhuachaillí an méid agaibh tá libh féin Suígí thart fán tinidh anseo go n-insí mé mo scéal Bhí buachaill ar a bhaile seo bhí súgach aerach suairc Agus tháinig sé dhéanamh cleamhnais le cailín a tsléibhe ruaidh
A spéirbhean álainn aigeantach, ba deise méin is clú Bí teacht liom féin le dúscadh n lae go bpóstar mé gus tú Bí teacht liom féin amárach, s ná bíodh ort brón ná gruaim Agus cuirfidh mé gúna síoda ort, a chailín a tsléibhe ruaidh
Níorbh fhios don streabhóg ghiodalach cad é ba chóir di rá Ach a dealramh bhí ina súile den oiche go ndéanfadh lá A rún mo chroí nois díbir thusa mearadh n ghrá seo uait Nó is rún liom fanacht díomhain seal ar mhalaí a tsléibhe ruaidh
A mhaighdean mhaiseach mharánta cad é seo tá tú rá Dearc síos a gleann faoi bhuach na mbeann is breathnaith mo chuid barr Tá togha na bhfear sna mbeatha agam ag obair ann go cruaidh Is tá stór is maoin go leor agam do chailín a tsléibhe ruaidh
Má tá stór is maoin go leor agat ní domhsa is fearrde é Nó deirtear liom go n-ólfá thusa maoin a tsaoil go léir Do shuí suas dtigh an óstaí do dhrabhlás bhocht gan chéill Ar feadh na hoich ag ól s a gabháil na bhaile le bánú n lae
Más fear mé tá g ól, a chailín chóir, ní ólaim ach mo chuid féin Chan tú tá g ioc ar son na dí, níl agat pingin mar spré Is anois ná síl go bhfuil mo chroí bocht briste de do chumhaidh Nó fágaim thú mar fuair mé thú ar mhalaí a tsléibhe ruaidhTeksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.