'Sé deir Colm Cille linn Go hIfreann nach dtéid fial Lucht an tsairbhris go gceileann siad A hpáirt mhór le Dia Nach mór an tubaiste D'aon duine á dearnadh ariamh Oiread a chruinniú Is a 'choinneodh as Parrthas iad
Thréig mé lucht an Bhéarla Agus búclaí bróg Thréig mise an méid sin Mar gheall ort, a stór Mar i ndúil go mbeinn 's tú, 'chéadsearc Maidin chiúin cheo Is sinn ag éisteacht le géimneach Ár sealbháin deas bó
D'imigh mé mar d'imeodh Mo shnua agus mo ghné D'imigh mé mar d'imeodh Fáinní geala an lae D'imigh mé mar d'imeodh An sneachta ón ghréin 'S bheinn ar oileán 's thiocfadh an tuile orm Is bháithfí mé
Go mbreacaí mo dhá mhalaidh Agus go liathfaí mo cheann Chomh geal leis an eala Atá ar Shliabh Uí Fhlionn Go dté mo bhean i dtalamh Agus 'n diaidh sin a clann Beidh cuimhne agam ort, 'ainnir dheas Na gciabhfholt donnTeksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.