Tá mo chroí-se go tláth lag, 's i lár mo chuid saothair Tagann lán tocht im chléibhse cé nár mhéin liom é rá Tá an díbirt i ndán dom ó bháin bheannaibh Éireann Is fánach mo shaolsa 's is déarach mo chás.
Is cuimhin liom an tráth, úd a ghrá ghil na n-ae istigh, Thugas grá searc is géilleadh, dod chaomh roisc thar chách, A Rí ghil na n-árann, dob fhearr liom go n-éagfainn, I láthair mo ghaolta, 'is mo bhuachaillín bán.
Tá críoch Inis Failbhe, go lán fad' i ndaor bhroid, Go cráite 's go céasta, i ngéibhinn na namhad, Nó an fíor nach foláir duit, go brách bheith go déarach A oileáinín bhig mhaorga, na naomh is na mbard.
Ó guímse go hard, ar an Ard Athair Naofa, Chun ár agus léir-scrios, do dhéanamh ar Sheán, Ó dhíbir na táinte, thar sáile 'na gcéandta, 'S chuir fán orm féinig, óm' bhuachaillín bán.Teksty umieszczone na naszej stronie są własnością wytwórni, wykonawców, osób mających do nich prawa.